← Ach déanfaidh mé níos fearr ná sin libh. 🔊
← Má tá an laoch amháin agaibh atá in ann an lámh in uachtar a fháil ormsa i rith, i gcomhrac nó i gcoraíocht ní dhéanfaidh mé níos mó buartha daoibh ach fillfidh mé ar mo thír féin." 🔊
← D'fhéach Fionn air le hiontas mar ní fhaca sé a leithéid riamh roimhe sin. 🔊
← "Éirigh, a Bhodaigh," ar seisean, "tá sé in am dúinn tosú sa rás". 🔊
← Agus leis sin bhailigh sé leis mar ghealt go dtí gur chuir sé deich míle fichid thairis . 🔊
← "A Bhodaigh," arsa Caol an Iarainn, "d'fhág tú binn do chóta ar na driseacha san áit ar ghabh tú tharam tamall ó shin." 🔊
← "Muise, gluais leat mar sin," arsa an Bodach agus d'fhill sé sa tslí go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuaigh sé ar ais é. 🔊
← Nuair a bhí sé sin déanta aige bhí sé smeartha ó bhonn go baitheas le sú sméar. 🔊
← "Culaith airm agus éide don té a bhéarfaidh scéal níos fearr ná sin chugainn," arsa Fionn. 🔊
← Leis sin rug an Bodach ar a chorp, thug síos chun na trá é, d'fhág ina shuí istigh sa long é agus a aghaidh siar ar a dhroim. 🔊